An Púca – Buíochas le Múinteoir Esther

AN PÚCA

“Púca! Púca! Is mise an púca!
Púca! Púca! Aon-dó-trí!
Seo í an oíche, Oíche Shamhna
A théim ar cuairt chun do thí,
Chun do thí!”

 

“Púca! Púca! Ní tusa an púca!
Tusa Seáinín Beag Ó Laoi!
Seo í an oíche, Oíche Shamhna
A bhíonn tú ag súgradh aon, dó, trí,
Aon, dó, trí.”

 

“Púca! Púca! Is mise an púca!
Ní mise in aon chor Seán Ó Laoi!
Féach ar m’fhiacla! Féach im ’shúile
Béarfaidh mé anocht ort, anocht a chroí,
Béarfaidh mé anocht ort, anocht a chroí,
Anocht a chroí!”


Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *